11 March 2020|Gaelbhratach

Tá imeachtaí éagsúla á eagrú ag an gcoiste Gaelbhratach do seachtain na Gaeilge. Bhí Ceolchoirm Sheachtain na Gaeilge ar siúl Dé Luain. Bhí ceoltóirí, rinceoírí agus amhránaithe ónár scoil ag glacadh páirt ar an lá. Chomh maith le sin tháinig Tola Custy agus Mike Butler ar cuairt mar aíonna speisialta. Bhí tráthnóna den scoth ag lucht na céad bliana agus lucht na hÁrdteistimeireachta a bhí i láthair.

Bhí comórtais ar nós “Caith an Wellie”, “Thar an Trasnán” agus “An Poc Fada” ar siúl freisin agus beidh comórtas postaer ar siúl amach anseo.

Míle buíochas dona cuairteoirí, ceoltóirí, na rinceoirí agus na múinteoirí a chabraigh leis an gcoiste na himeachtaí seo a eagrú.